archive-ie.com » IE » S » SUPREMECOURT.IE

Total: 1020

Choose link from "Titles, links and description words view":

Or switch to "Titles and links view".
  • An Príomh-Bhreitheamh
    d fhoilsigh sé thuarascáil agus dhá pháipéar oibre a raibh bunú na Seirbhíse Cúirteanna i Samhain 1999 mar thoradh orthu is féidir na tuarascálacha seo a fháil ar www courts ie Bhí an Breitheamh Denham ina ball den Bhord Eatramhach agus de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna 1999 go 2001 agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCoiste um Forbairt Dlí Teaghlaigh go dtí 2001 bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord na Seirbhíse Cúirteanna 2001 go 2004 agus ar an gCoiste Airgeadais 2001 go 2004 Faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar ISIS an Coiste Stiúrtha a bunaíodh le pleánáil i gcomhair córas eolais ar phianbhreith a ghearradh agus le hé a sholáthar Ó cheapachán an Breitheamh Denham mar Phríomh Bhreitheamh tá sí ina cathaoirleach ar Bhord na Seirbhíse Cúirteanna ar an gCoiste Airgeadais ar an gCoiste um Staidéar Bhreithiúnach ar an gCoiste um Rialacha na nUaschúirteanna ar Bhord Comhairleach na gCeapachán Breithiúnach ar an gComhairle Bhreithiúnach Eatramhach agus ar an gCoiste um Chomóradh Céad Bliain na Cúirteanna Mar Phríomh Bhreitheamh tá an Breitheamh Denham ina ball de Choimisiún na hUachtaránachta agus den Chomhairle Stáit Tá an Breitheamh Denham ina cathaoirleach ar an gCoiste ar Chleachtas agus Nósanna Imeachta Cúirte a thugann comhairle ar an ngá le hathrú i réimsí éagsúla d fheidhmiú na gcúirteanna De bharr molta amháin den sórt sin bunaíodh Cúirt Tráchtála i mBaile Átha Cliath a úsáideann teicneolaíocht úrscothach ina gcuid breithniúchán Freisin thug an Coiste comhairle ar bhonneagar riaracháin nua a bhunú do Choistí Rialacha na gCúirteanna I Nollaig 2006 bhunaigh an Rialtas Grúpa Oibre ar Chúirt Achomhairc a bhfuil an Breitheamh Denham ina cathaoirleach air a bhfuil tús curtha aige anois le hobair ar an ngá le Cúirt Achomhairc ginearálta a athbhreithniú agus a mheas Bhí an Breitheamh Denham mar Rúnaí Oinigh ar an gCoiste

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/CD854DA5422E698380257315005A41AD?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive


  • Breithiúna na Cúirte Uachtaraí
    Linn English Eolas faoin gCúirt Comhaltaí na Cúirte Breithiúnais Oifig na Cúirte Uachtaraí An Córas Dlíthiúil Leabharliosta Naisc Bunreacht na hÉireann Comhaltaí na Cúirte Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí Iar Bhreithiúina na Cúirte Uachtaraí Breithiúna na Cúirte Uachtaraí Breithiúna Reatha

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/5E778F428B3E6FA380257315005A41AF?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Ceapachán agus Tionacht na mBreithiúna
    cé ar cheart a cheapadh chun na Cúirte Uachtaraí Tugann an Rialtas comhairle d Uachtarán na hÉireann agus iarrthóir á ainmniú aige agus déanann an tUachtarán an ceapachán go foirmiúil Féadann duine nach breitheamh é í cheana agus ar mian leis léi go ndéanfaí é í a mheas le haghaidh ceapacháin chun na Cúirte Uachtaraí cur isteach ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna BCCB ag iarraidh go molfaí é í mar iarrthóir oirúnach don cheapachán sin Bord neamhspleách a bhfuil an Príomh Bhreitheamh ina chathaoirleach air atá sa BCCB Tá na ceathrar Uachtaráin ag gach leibhéal dlínse An Chúirt Dúiche an Chúirt Chuarda an Ard Chúirt agus An Chúirt Achomhairc ina mbaill den Bhord freisin Cé gur breithimh iad formhór na mball tá beirt ionadaithe ón ngairm dlí agus beirt nach dlíodóirí iad Ról comhairleach amháin atá ag an mBord Déanann an BCCB gach iarratas os a chomhair a mheas maidir leis an gceapachán sin agus ceapann sé liosta daoine a mheasann sé a bheith cáilithe go hóiriúnach don cheapachán sin Cuirtear an liosta seo ar aghaidh chuig an Rialtas Go ginearálta is iad na daoine seachas breithiúna a d fhaomh an Bord amháin a fhéadann an Rialtas a cheapadh D fhorchoiméad an tOireachtas an chumhacht don Rialtas duine nár chuir isteach ar an BCCB agus nach ndearna sé a mheas a cheapadh Má dhéanann sé amhlaidh ní mór dó fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil ag sonrú go ndearna sé an ceapachán sin taobh amuigh den nós imeachta BCCB Daingne Tionachta De réir Airteagal 35 2 den Bhunreacht Beidh gach breitheamh saor neamhspleách maidir lena fheidhmeanna breithimh a oibriú gan de smacht air ach an Bunreacht seo agus an dlí Ní mór do gach duine a cheaptar ina bhreitheamh an mionna seo atá leagtha amach in Airteagal 34

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/15EB0E4255A049EC80257315005A41AE?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Breithiúna Reatha na Cúirte Uachtaraí
    Eorpach um Chearta an Duine ECtHR Cé go raibh sé ag an mBarra d fhoilsigh sé ailt i Ráitheachán Dlí Thuaisceart Éireann NILQ Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach JSIJ agus san Athbhreithniú ar an mBarra Ba bhall a athair an Tiarna Breithimh Turlough O Donnell d Ard Chúirt Thuaisceart Éireann agus den Chúirt Achomhairc idir 1971 agus 1990 agus bhí sé ina bhall páirtaimseartha den Choimisiún um Athchóiriú Dlí na hÉireann Bhí Donal O Donnell ina bhall den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí idir 2005 agus 2012 Is ball é de Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann ar Bhunúis na Bunreachta Rinneadh Binseoir Óstaí an Rí de in 2009 agus ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach in 2010 An tOnórach an Breitheamh William M McKechnie Rugadh an Breitheamh Onórach McKechnie i Corcaigh i 1951 agus cuireadh oideachas air ag Coláiste Bhráithre na Toirbhearta an Coláiste Ollscoile Corcaigh ónar bhain sé a chéim amach i 1971 sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí Baile Átha Cliath Rinneadh é a ghairm chuig an mBarra i 1972 agus glacadh leis chuig Barra na Sinsear i 1987 Mar Abhcóide chleachtaigh sé i limistéar na tráchtála na seansaireachta agus an dlí údaráis áitiúil agus bhí suim ar leith aige i bhfaillí míochaine Bhí roinnt poist shinsearacha aige i gComhairle Bharra na hÉireann ar feadh roinnt blianta agus toghadh é ina Chathaoirleach i 1999 agus atoghadh in 2000 é Ceapadh é mar Bhreitheamh den Ard Chúirt in 2000 agus ghlac sé ceannas ar an liosta iomaíochta in 2004 Agus é ag feidhmiú amhlaidh bhí sé i gceannas ar gach cás iomaíochta sibhialta agus coiriúil araon Rinne sé an chéad Dearbhú Neamhluí faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine 2003 i gcás Trasinscne Foy v an tArd Chláraitheoir Bhí an Breithiúnach Onórach McKechnie ina Chathaoirleach den Bhinse Luachála idir 1995 agus 2000 agus ó 2002 i leith bhí sé mar Chathaoirleach an Bhoird Eagarthóireachta d Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach Bhí sé ina bhall de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna agus freisin den Choiste Déanta Rialacha Ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach i Meitheamh 2010 In 2010 toghadh é mar Uachtarán an Chumainn Bhreithiúna Eorpacha Dlí Iomaíochta a dhéanann ionadaíocht do gach ceann de na 27 Ballstát den Aontas Eorpach mar aon le Breithiúna ón gCúirt Bhreithiúnais agus ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt EFTA Is é an tríú hUachtarán den Chumann i ndiaidh Sir Christopher Bellamy agus an Dr Joachim Bornkamm Tá roinnt páipéar scríofa aige ghlac sé páirt ar chomhdhálacha iomadúla mar aon le bheith i gceannas orthu agus thug sé an 4ú Léacht Bhliantúil den CCJHR ag COC an 4 Márta 2010 Tá aige Céim Mháistreachta i nDlí na hEorpa Is Binseoir é de Chumann Onórach Óstaí an Rí An tOnórach an Breitheamh Frank Clarke Rugadh an Breitheamh Onórach Frank Clarke i mBaile Bhailcín Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 1951 Cuireadh oideachas air ag P B C Chaisleán Dhroimeanaigh agus sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath áit inar bronnadh B A air sa Mhatamaitic agus san Eacnamaíocht 1972 Tar éis dó a staidéar dlí a chríochnú ag Óstaí an Rí rinneadh é a ghairm chuig an mBarra i 1973 Chleachtaigh sé ag an mBarra uaidh sin go dtí gur ceapadh é chuig an Ard Chúirt i Samhain 2004 Rinneadh abhcóide sinsearach de i 1985 Le linn a chuid ama ag an mBarra chleachtaigh sé go príomha i limistéir na tráchtála agus an dlí phoiblí lena n áirítear dlí bunreachta Ceapadh é faoi dhó ag an gCúirt Uachtarach mar abhcóide le hargóint a chur i láthair ar thagairtí do Bhillí chuig an gCúirt Uachtarach ag an Uachtarán faoi Airteagal 26 den Bhunreacht Ina theannta sin ghníomhaigh sé mar abhcóide leis an gCoiste Cuntas Poiblí ina bhfiosrúchán ar an tsaincheist cháin DIRT agus bhí sé ina abhcóide seachtrach leis an gCoimisiún Fiosrúcháin ar Mhí úsáid Leanaí Fad a bhí sé ag an mBarra bhí an Breitheamh Onórach Clarke fostaithe ar feadh go leor blianta ar Chomhairle an Bharra lena n áirítear téarma dhá bhliain 1993 1995 mar Chathaoirleach orthu Ina theannta sin bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Óstaí an Rí ó 1999 go dtí 2004 Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Chumainn Idirnáisiúnta Bharra ó 1997 go dtí 2004 agus é mar chomhChathaoirleach an Fhóraim Phléadálaithe agus Abhcóidí an comhlacht ionadaíoch idirnáisiúnta do bharraí neamhspleácha atreoraithe ó 1998 go dtí 2002 Toghadh é mar bhall onórach de Chumann Bharra Cheanada i 1994 agus glacadh é mar bhall onórach de Chomhairle Bharra na hAstráile in 2002 Bhí sé ina Bhinseoir de Chumann Onórach Óstaí an Rí ó 1995 i leith Sa limistéar acadúil bhí an Breitheamh Onórach Clarke ina ollamh ag Óstaí an Rí ó 1978 go dtí 1985 agus bhí sé ina Bhreitheamh Cónaitheach ag Coláiste Griffith Baile Átha Cliath ó 2010 i leith Tugadh cuireadh dó labhairt ag comhdhálacha iomadúla idirnáisiúnta i measc iad siúd le déanaí bhí Comhdháil Bhliantúil an Chumainn Idirnáisiúnta Rialtóirí Dócmhainneachta ar ábhar shamhail scrúdaitheoireachta na hÉireann Meán Fómhair 2010 Comhdháil an Chumainn Idirnáisiúnta Bharr ar ábhar Thaithí Chomparáideach na gCúirteanna Tráchtála i ndlínsí Dlí Choiteann agus Dlí Shibhialta Deireadh Fómhair 2011 agus Collóiciam Breithiúnach Hawkamah ar Athchóiriú Dlí Dócmhainneachta Corparáidí i Réigiún Mheánoirthear Thuaisceart na hAfraice MENA in Dubai i Nollaig 2011 Chaith sé seal ar bhord Mhíosachán Tuairiscí Dlí na hÉireann agus is é an t ainmneach chun ionadaíocht a dhéanamh don Phríomh Bhreitheamh ar Chomhairle Ionchorpraithe um Thuairisciú Dlí le haghaidh na hÉireann Fad a bhí sé ina bhreitheamh den Ard Chúirt chaith an Breitheamh Onórach Clarke seal mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Reifrinn maidir leis an Dara Reifreann ar Chonradh Liospóin Rinneadh é a shainiú go príomha do Liosta Tráchtála na hArd Chúirte ach bhí sé ina bhreitheamh ceannais ar bhunaíocht Seansaireachta agus Liosta Neamhghiúiré den chéad uair i gCorcaigh Ceapadh an Breitheamh Clarke chuig an gCúirt Uachtarach i Márta 2012 An tOnórach an Breitheamh John Mac Menamin Rugadh an Breitheamh Onórach John Mac Menamin

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/9A4957731840B6BC802574180042D6B0?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Iar-Bhreithiúina na Cúirte Uachtaraí
    bunaíodh i 1924 ar ceal ag alt 7 d Acht na gCúirteanna Bunú agus Comhdhéanamh 1961 a bhunaigh go foirmiúil an Ard Chúirt agus an Chúirt Uachtarach faoi réir Airteagal 34 den Bhunreacht Mar sin d fhéadfadh go mbeadh ainmneacha ón liosta thuas sa liosta thíos freisin 1961 an lá atá inniu ann An tOnórach an Breitheamh Cecil Lavery 1950 1966 An tOnórach an Breitheamh Theodore Conyngham Kingsmill Moore 1951 1966 An tOnórach an Breitheamh Kevin O Hanrahan Haugh 1961 1969 An tOnórach an Breitheamh Brian Walsh 1961 1990 An tOnórach an Breitheamh Andreas O Keeffe ceapadh é i 1965 ceapadh é ina Uachtarán na hArd Chúirte i nDeireadh Fómhair 1966 An tOnórach an Breitheamh Frederick Gardner Orford Budd 1966 1975 An tOnórach an Breitheamh William O Brien FitzGerald ceapadh é i 1966 ceapadh é ina Phríomh Bhreitheamh i Nollaig 1973 An tOnórach an Breitheamh Richard McLoughlin 1969 1972 An tOnórach an Breitheamh Seamus Henchy 1972 1988 An tOnórach an Breitheamh Frank Griffin 1973 1991 An tOnórach an Breitheamh John Kenny 1975 1982 An tOnórach an Breitheamh Weldon Roycroft Cecil Parke 1976 1981 An tOnórach an Breitheamh Anthony James Hederman 1981 1993 An tOnórach an Breitheamh Niall McCarthy 1982 1992 An tOnórach an Breitheamh Hugh James O Flaherty 1990 1999 An tOnórach an Breitheamh Seamus Francis Egan 1991 1995 An tOnórach an Breitheamh John Joseph Blayney 1992 1997 An tOnórach an Breitheamh Donal Peter Michael Barrington 1996 2000 An tOnórach an Breitheamh Ronan Colman Keane ceapadh é i 1966 ceapadh é ina Phríomh Bhreitheamh in Eanáir 2000 An tOnórach an Breitheamh Francis Dominick Murphy 1996 2002 An tOnórach an Breitheamh Kevin Lynch 1996 1999 An tOnórach an Breitheamh Henry Denis Barron 1997 2000 An tOnórach an Breitheamh John Loyola Murray ceapadh é i 1999 ceapadh é ina Phríomh Bhreitheamh in

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/088C6F95403B13028025741800428366?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Iar-Phríomh-Bhreithiúna
    lárnach maidir leis sin ná Ryan v an Ard Aighne 1965 nuair a d fhorbair an Chúirt foirceadal na gceart neamháirithe i go raibh leathscáil ceart bunúsach a bhí iontuigthe ón mBunreacht I 1972 ceapadh Ó Dálaigh ina Bhall de Chúirt Bhreithiúnais Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa CEE ar aontachas na hÉireann le ballraíocht na gComhphobal Bhí sé ina Uachtarán ar a Chéad Dlísheomra i 1974 Sheirbheáil sé mar chathaoirleach ar roinnt coimisiún Rialtais agus ar an gCoiste um Chaidreamh Culúrtha Tar éis d Uachtarán na hÉireann ag an am Erskine Childers bás a fháil toghadh é gan freasúra mar Uachtarán agus oirníodh é ar 19 Nollaig 1974 I Meán Fómhair 1976 nuair a cuireadh Bille Cumachtaí Práinne ina láthair le síniú shocraigh sé é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí lena chuid bunreachtúlachta a thastáil ba é breitheamh na Cúirte ná nach raibh sé ar neamhréir leis an mBunreacht agus shínigh sé é Ar an 18 Deireadh Fómhair 1976 ag ócáid airm i nDún Columb Muileann gCearr Co na hIarmhí nuair a thug an tAire Cosanta Patrick Donegan a thundering disgrace ar an Uachtarán Sáraíodh rún Dála ag an bhfreasúr ag iarraidh go n éireodh an t aire a ghabh a leithscéal idir an dá linn as a phost ar an 21 Deireadh Fómhair 1976 An chéad lá eile tháirg an tUachtarán éirí as a phost ag dearbhú gurbh é an t aon bhealach le mo chuid ionracais agus neamhspleáchais pearsanta féin mar Uachtarán na hÉireann a dhearbhú agus le dínit agus neamhspleáchas na huachtaránachta mar institiúid a chosaint Bhí Ó Dálaigh a bhí ina aisteoir amaitéarach díocasach nuair a bhí sé óg ina phátrún iontach ar an amharclannaíocht agus ba dhlúthchara é leis an aisteoir cáiliúil Éireannach Cyril Cusack Fuair sé bás i 1978 sa tSnaidhm Co Chiarraí An tOnórach an Breitheamh William O Brien FitzGerald 1973 1974 b 1906 d 1974 Rugadh ar William Fitzgerald i gCorcaigh i 1906 agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Belvedere Baile Átha Cliath agus ag Óstaí an Rí Glaodh é chun an Bharra i 1927 agus chun Bharra na Sinsear i 1944 Mar chleachtóir bhí aithne air mar chroscheisteoir iontach géar agus grinn agus mar mháistir ar bheartaíocht an tseomra cúirte Ceapadh go díreach don Chúirt Uachtarach é i 1966 agus nuair a chuaigh Cearbhall Ó Dálaigh ar scor rinneadh Príomh Bhreitheamh de Bhí tréimhse réasúnta ghearr aige mar Phríomh Bhreitheamh Fuair sé bás go tobann ar 17Deireadh Fómhair 1974 An tOnórach an Breitheamh Thomas Francis O Higgins 1974 1985 b 1916 d 2003 Fuair Thomas O Higgins a chuid oideachais ag Coláiste Mhuire Ráth Maonais ag Coláiste Coill Chluana Gabhann ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí Glaodh chun an Bharra é i 1938 agus chun Bharra na Sinsear i 1954 Bhí a mhuintir gníomhach i bpolaitíocht na hÉireann agus ó 1948 go 1973 bhí sé in TD d Fhine Gael i dtoghcheantar na Laoise Uibh Fháilí Ó 1954 go 1957 bhí sé ina Aire Sláinte sa dara comhrialtas agus bhunaigh sé an córas Árachais Sláinte Saorálaigh ASS Bhí sé ina iarrthóir ar Uachtarán na hÉireann sna toghcháin uachtaránachta i 1966 agus 1973 I 1973 ceapadh é ina Bhreitheamh Ard Chúirte I 1974 ceapadh é ina Phríomh Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985 I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí seasamh le bunreachtúlacht an Bhille Cumachtaí Práinne 1976 tar éis don Uachtarán Cearbhall Ó Dálaigh an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí An Stát Lynch v Cooney 1982 nuair a seasadh le cosc reachtúil ar chraoltaí ag aon duine a bheadh ag lorg tacaíochta do Shinn Féin san olltoghchán a bhí le teacht agus Norris v an Ard Aighne 1984 nuair a seasadh le bunreachtúlacht reacht phíonóisigh a chuir cosc ar iompar homaighnéasach idir fir thoilteanacha go príobháideach I 1985 ceapadh é ina Bhreitheamh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ECJ I 1996 d fhoilsigh sé a chuimhní cinn dár teideal A Double Life Fuair sé bás i 2003 An tOnórach an Breitheamh Thomas Aloysius Finlay 1985 1994 b 1922 Fuair Thomas Finlay a chuid oideachais ag Coláiste Choill Cluana Gabhann Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Óstaí an Rí Glaodh chun an Bharra é i 1944 agus chun Bharra na Sinsear i 1961 Ó 1954 go 1957 bhí sé ina TD d Fhine Gael don toghcheantar Baile Átha Cliath Láir I 1971 ceapadh é ina Bhreitheamh Ard Chúirte agus ceapadh é ina Uachtarán na hArd Chúirte i 1974 Rinneadh Príomh Bhreitheamh de i 1985 I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí An Ard Aighne v Hamilton 1992 áit ar shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh rúndacht plé comh aireachta iomlán agus An Ard Aighne v Hamilton Uimh 2 1993 maidir le pribhiléid pharlaiminte áit ar shocraigh an Chúirt Uachtarach nach féidir aon phróis dlí a chur ar Theachtaí Dálaí de bharr rudaí a deireann siad sa Dáil Freisin thug sé an breithiúnas treorach i gcás conspóideach X An Ard Aighne v X 1992 áit ar tugadh cead do chailín 14 bliain d aois a bhí torrach de bharr éigne ag cara lena muintir taisteal go Sasana le haghaidh ginnmhillte ainneoin ráthaíocht an bhunreachta go gcosnódh an Stát ceart chun na beatha an linbh gan bhreith An tOnórach an Breitheamh Liam Hamilton 1994 2000 b 1928 d 2000 Fuair Liam Hamilton a chuid oideachais ag Scoil na mBráithre Baile Mhistéala Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí Glaodh chun an Bharra é i 1956 agus bhuaigh sé Scoláireacht John Brooke don mhac léinn is fearr sa bhliain dheireanach Glaodh chun Bharra na Sinsear é i 1968 Ceapadh é ina Bhreitheamh Ard Chúirte i 1974 rinneadh Uachtarán na hArd Chúirte de i 1985 agus bhí sé ina Phríomh Bhreitheamh ó 1994 go 1999 Ba é an t aon bhall de bhinse fiosrúcháin a bhunaigh an Rialtas i 1991 agus a shuigh ó 1994 go 1994 le líomhaintí gníomhaíochta mídhleathaí calaoise agus míchleachtais sa

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/5C8039D9844DB5D68025741900516DCB?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Ról Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann
    breise i leith an Phríomh Bhreithimh Ar an gcéad dul síos faoi réir Airteagal 14 den Bhunreacht is é an Príomh Bhreitheamh an chéad bhall de Choimisiúin an Uachtaráin a chleachtann na cumachtaí agus na feidhmeanna a bhronntar ar an Uachtarán má bhíonn an tUachtarán as láthair nó ar míthreoir nó má tá an Oifig folamh ar aon chúis nó áit a dteipeann air nó uirthi cumachtaí agus feidhmeanna na hOifige a fheidhmiú agus a chomhlíonadh Is iad baill eile Choimisiún an Uachtarán ná an Ceann Comhairle Cathaoirleach Dháil Éireann seomra na dteachtaí agus Cathaoirleach Sheanad Éireann Sa dara cás faoi Airteagal 31 den Bhunreacht tá an Príomh Bhreitheamh ina bhall den Chomhairle Stáit comhlacht a thugann cabhair agus comhairle d Uachtarán na hÉireann lena c h uid cumachtaí atá inchomhlíonta faoin mBunreacht tar éis dó di comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit Mar shampla faoi Airteagal 13 2 3 d fhéafadh an tUachtarán tar éis comhairle a ghlacadh leis an gComhairle Stáit cruinniú de cheachtar de Thithe an Oireachtais an pharlaimint nó iad araon a ghairm Tá Iar Phríomh Bhreithimh i dteanna le hIar Uachtaráin na hÉireann agus le hiarthaoisigh ina mbaill den Chomairle Stáit ar feadh a saoil Ról Breithiúnach Tá freagracht ar an bPríomh Bhreitheamh as gach gné d obair na Cúirte Uachtaraí Ní shuíonn sé i ngach cás a thagann os comhair na Cúirte ach suíonn sé go rialta agus is é a bheidh i gceannas go buan ar chásanna a bhaineann le bunreachtúlacht reachtanna le Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí ag an Uachtarán faoi réir Airteagal 26 den Bhunreacht agus i gcásanna eile a mbaineann tábhacht den sórt sin leo I dteannta le bheith i gceannas ar éisteachtaí na Cúirte Uachtaraí tá an Príomh Bhreitheamh freagrach as an Chúirt a bhainistiú

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/6304923F51103C92802574320052B2F7?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive

  • Supreme Court of Ireland
    achomhairc ag an gCúirt Uachtarach ar bhreith ón gCúirt Achomhairc más deimhin leis an gCúirt Uachtarach i gur breith í lena ngabhann ní a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ann nó ii gur gá ar mhaithe leis an gceartas achomharc chun na CúirteUachtaraí a bheith ann Beidh ag an gCúirt Uachtarach faoi chuimsiú cibé rialacha a ordófar le dlí dlínse achomhairc ar bhreith ón Ard Chúirt más deimhin leis an

    Original URL path: http://www.supremecourt.ie/SupremeCourt/sclibrary3.nsf/0/9D1005CBAA9DFE1D80257315005A41B0?openDocument&l=ga (2016-02-09)
    Open archived version from archive